Mass Readings
Catholic Ireland
Liturgical Readings for : Friday, 14th March, 2025Readings in English
Next Sunday's Readings
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an fáidh Ezícéal 18:21-28
An mbainim sult as bás an dochdhuine? Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?
Seo mar a deir an Tiarna:
“Ach má thréigeann an drochdhuine na peacaí go léir a rinne sé, má chomhlíonann sé mo dheasghnátha uile agus géilleadh don dlí agus don cheart, mairfidh sé go deimhin; ní éagfaidh sé. Na peacaí go léir a rinne sé ní labhrófar leis arís orthu; as an bhfíréantacht a chleacht sé mairfidh sé. An mbainim sult as bás an drochdhuine? – an Tiarna Dia a labhraíonn. Nach é mo mhian go dtréigfeadh sé a bhealaí agus go mairfeadh sé?
Ach má thréigeann an fíréan a fhíréantacht, agus olc a dhéanamh, agus imeachtaí gránna an drochdhuine a bheith ar siúl aige, an mairfidh sé? Ní bheidh aon trácht ar an bhfíréantacht a chleacht sé; de bhrí gur fheall sé agus gur pheacaigh sé, gheobhaidh sé bás. “Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’
Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir? Má thréigeann an fíréan a fhíréantacht agus peacú, éagfaidh sé dá bharr; éagfaidh sé de bharr an oilc atá déanta aige.
Arís, má thréigeann an drochdhuine a pheacaí agus déanamh mar is ceart agus mar is cóir, tabharfaidh sé a bheatha slán. De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra Sm 129 R v 3
Freagra Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?
1. As na duibheagáin a ghlaoim ort, a Thiarna; éist, a Thiarna, le mo ghuí.
Go n-éiste do chluasa go haireach le mo ghlór ag impí ort. Freagra
2. Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna, a Thiarna, cé rachaidh slán?
Ach is leat na peacaí a mhaitheamh; ionas go riarfaí go humhal duit. Freagra
3. Tá muinín ag m’anam as an Tiarna; ar a bhriathar atá mo sheasamh.
Is foighní m’anam ag feitheamh leis an Tiarna, ná lucht faire leis an maidin.
Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin, agus Iosrael leis an Tiarna. Freagra
4. De bhrí gur ag an Tiarna atá an trócaire,agus an fhuascailt fhairsing.
Agus is é a dhéanfaidh Iosrael a fhuascailtóna gcionta go léir. Freagra
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Matha 5:20-26 Glóir duit, a Thiarna.
Imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair.
San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.
“Chuala sibh go ndúradh leis na sinsir: ‘Ná déan marú; agus má dhéanann duine marú beidh air freagairt ann don bhreithiúnas.’
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.
Dá réir sin, má bhíonn tú ag tabhairtd’ofrála chun na haltóra agus go gcuimhneoidh tú ansin go bhfuil cúis ghearáin éigin ag do bhráthair ort, fág d’ofráil ansiúd os comhair na haltóra, imigh leat ar dtús agus déan síocháin le do bhráthair, agus tar ansin ag déanamh na hofrála. An duine a chúisíonn thú, tar chun réitigh leis gan mhoill agus tú ag gabháil na slí leis, le heagla go dtabharfadh fear do chúisithe suas don bhreitheamh thú, agus an breitheamh don phóilín, agus go gcuirfí i bpriosún thú.’
‘Deirim leat go fírinneach, ní thiocfaidh tú amach as sin go mbeidh an cianóigín deireanach díolta agat’.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart