Mass Readings
Liturgical Readings for : Sunday, 16th March, 2025Today's Readings
Readings in English
CÉAD LÉACHT
Sliocht as an Leabhar Genesis 15:5-12. 17-18
Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá
Thug an Tiarna Abrám leis amach é agus dúirt:
“Féach suas ar an spéir agus comhair na réaltaí más féidir leat iad a áireamh. Mar sin,” ar sé ansin, “a bheidh do shíol‘.
Agus chreid seisean an Tiarna agus mheas an Tiarna é sin mar fhíréantacht aige.
“Mise an Tiarna,” ar sé leis, “a thug tú amach as Úr na gCaildéach, chun go dtabharfainn an tír seo duit mar oidhreacht.”
“A Thiarna Dia liom,” ar sé, “cá bhfios dom go mbeidh sé mar oidhreacht agam?”
“Tabhair dom,” ar sé, “bearach trí bliana, minseach trí bliana, reithe trí bliana, colúr, agus colm óg.”
Thug sé iadsan go léir chuige; ghearr sé ina dhá leath gach ceann acu agus chuir sé leath ar thaobh agus leath ar an taobh eile os a chomhair sall, ach nár ghearr sé na héin. Nuair a bhíodh éanlaith chreiche ag teacht anuas ar na conablaigh, chuireadh Abrám an ruaig orthu. Le luí na gréine thit tromchodladh ar Abrám agus bhuail scéin é. Tar éis don ghrian dul faoi dá bhrí sin agus gur thit an dorchadas, chonacthas foirnéis dheataigh tine agus lóchrann ar lasadh ag gabháil idir na codanna roinnte úd.
Rinne an Tiarna Conradh le hAbrám an lá sin á rá.
“Tabharfaidh mé do do shliocht an dúiche seo ó Abhainn na hÉigipte go dtí an Abhainn Mhór.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Salm le Freagra. Sm 26
Freagra Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú.
1. Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú. cé a chuirfidh eagla orm?
Is é an Tiarna dúnáras mo bheatha; cé a chuirfidh ar crith mé? Freagra
2. A Thiarna, éist le mo ghuth nuair a screadaim ort; déan trócaire orm is freagair mé.
Deir mo chroí fútsa: ‘Cuardaigh a ghnúis.’ Freagra
3. A Thiarna, táim ag cuardach do ghnúise; ná folaigh orm do ghnúis.
Ná cuir do sheirbhíseach uait go feargach; is tú mo chunamh: ná cuir an ruaig orm. Freagra
4. Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo.
Fan leis an Tiarna; bí cróga; bíodh do chroí go tréan is fan leis an Tiarna. Freagra
DARA LÉACT
Sliocht as Liter cuig na Filipigh 3:17-4:1
Déanfaidh Críost an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chor glórmhar féin
A bhráithre, déanaigí aithris ormsa le chéile. Bígí ag faire ar na daoine a dhéanann d e réir an tsampla a thugaimid daoibh. Is minic ráite agam cheana libh – agus deirim lib anois é go deorach – go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost Is é mbascadh is dán dóibh sin; níl de Dhia acu ach a mbolg agus iad bródúil as a gcui mínáire agus gan ach nithe saolta ina gceann acu Ar neamh atá ár mbaile dúchai againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chor glórmhar féin – as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoin smacht.
Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m’aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
___________________
DARA LÉACT gearr
Sliocht as Liter cuig na Filipigh 3:20-4:1
Déanfaidh Críost an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chor glórmhar féin
Ar neamh atá ár mbaile dúchai againne, áfach, agus is ó neamh atáimid ag súil lenar bhfuasclóir a theacht, an Tiarna Íosa Críost Déanfaidh seisean an corp uiríseal seo againn a athmhúnlú ar aon dul lena chor glórmhar féin – as ucht na cumhachta lena bhféadann sé gach uile ní a thabhairt faoin smacht.
Dá bhrí sin, a bhráithre ionúine na pairte, ós sibhse m’aoibhneas agus mo chuid den saol, seasaigí go daingean sa Tiarna, a chairde cléibh.
Briathar an Tiarna Buíochas le Dia
Véarsa Mth 17:5
Cloiseadh glór an Athar as an scamall solasmhar:
‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis.’
SOISCÉAL
Go raibh an Tiarna libh. Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Lúcás 9:28-36 Glóir duit, a Thiarna.
Agus sa ghuí do Íosa, tháinig athrach cló ar a ghnúis.
San am sin rug Íosa Peadar agus Eoin agus Séamas agus chuaigh an sliabh suas chun guí. Agus sa ghuí dó, tháinig athrach cló ar a ghnúis agus d’éirigh a chuid éadaigh gléigeal lonrach. Agus bhí beirt fhear ag agallamh leis – b’iad Maois agus Éilias iad – agus chonacthas i nglóir iad ag caint faoina imeacht as an saol, rud a bhí le tabhairt chun críche aige in Iarúsailéim. Bhí Peadar agus a chompánaigh trom le codladh, ach d’fhan siad ina ndúiseacht agus chonaic siad a ghlóir agus an bheirt a bhí ansiúd in éineacht leis.
Agus ansin, le linn dóibh seo bheith ag scaradh leis, dúirt Peadar le Íosa:
“A Mháistir, is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bhoth, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d’Éilias” – agus gan a fhios aige cad a bhí sé a rá.
Ach nuair a bhí sé ag rá an méid sin, tháinig scamall, agus bhí sé ina scáil anuas orthu, agus bhí uamhan orthu nuair a d’imigh siad siúd isteach sa scamall. Agus tháinig glór as an scamall ag rá:
“Is é seo mo Mhac, an té is togha liom; éistigí leis!”
Agus le macalla an ghlóir, fuarthas Íosa ina aonar.
Ach d’fhan na deisceabail ina dtost agus níor inis siad d’aon duine sna laethanta sin aon ní dá raibh feicthe acu.
Soiscéal an Tiarna. Moladh duit, a Chriost
AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart