About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Thursday, 25th April, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings

CÉAD LÉACHT       

Sliocht as Litir Naomh Peadar             5:5-14
Beannaíonn Marcas, mo mhac, daoibh.

Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”
Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n-ardódh sé sibh i dtráth.
Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.

Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n-áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh. Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt. Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin I gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.
Glóir agus réimeas dó le saol na saol. Amen.
 

Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Silveánas, bráthair dílis, dar liom, á thathant oraibh agus á áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.
Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibhse, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.Beannaígí dá chéile le póg an ghrá. Síocháin daoibh uile atá i gCríost.

Briathar an Tiarna                   Buíochas le Dia

Psalm le Freagra                 Sm 88
Freagra                                    Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna
Malairt Freagra                   Alleluia

1. Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.
Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách, agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.                                                                                                                                                                                             Freagra

2. Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna; tá d’fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.
Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?                          Freagra

3. Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais; siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.
Déanann siad gairdeas i d’ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d’fhíréantachta.                 Freagra

Alleluia Véarsa                    1Coir 1:23-24
Alleluia, alleluia!

Fhógraimid Críost a céasadh. Is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é.
Alleluia!

SOISCÉAL        

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Marcas     16:15-20
Fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail :
“Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.
Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann:
caithfidh siad deamhain amach i m’ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;
tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”

Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.
Ach iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.

Soiscéal an Tiarna.            Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart